Friday, 3 of May of 2024

Category » Múinteoir Fiona

Na Ceiltigh

Bhí muid ag foghlaim faoi na Ceiltigh freisin. D’fhoghlaim muid faoin gcinéal saoil a bhí acu- a gcuid uirlisí troda, a gcuid éadaí & seodra, a gcuid tithe, Ogham agus na féilte a bhíodh acu.  Bhí deis againn ar fad cúpla rud a scríobh in Ogham. Ansin rinne muid Ealaín bunaithe ar na Ceiltigh.


Bolcáin le Rang 3 & 4

Bolcáin le Rang 3 & 4

Bhí Rang 3 & 4 ag foghlaim faoi bholcáin le cúpla seachtain anuas. Rinne muid ár gcuid bolcáin fhéin as cré agus buidéal plaisteach. Ansin d’úsáid muid fínéagar,  sóid arain agus ‘food colouring’ dearg. Ansin bhí pléascadh ollmhór ann!


Ealaín na Nollag- Rang 3 & 4


Ealaín Andy Warhol


Ealaín Oíche Shamhna


Ealaín 3 & 4


Bhí Rang a hAon ag bácáil

Bhí Rang a hAon ag bácáil inniu, rinne muid Rice Krispie buns. Mhaisigh muid iad agus ansin d’ith muid iad. Bhí siad an-bhlasta ar fad!!  :)


Eolaíocht le Robin (Rang 1 & 2)

Bhí cuairteoir sa scoil inniu (Dé hAoine) ag labhairt linn faoi feithidí agus ainmhithe éagsúla. D’fhoghlaim muid go leor faoin timpeallacht agus cé chaoi chomh tábhachtacht atá sé aire a thabhairt don timpeallacht.


Bláthanna ag fás

Bhí Rang a hAon ag fás bláthanna. Chuir muid na bleibiní sna potaí agus phéinteáil muid na potaí. Ansin d’fhág muid iad in aici na fuinneoga agus chaith muid uisce a chuir orthu cúpla uair in aghaidh na seachtaine. Bíonn grian agus uisce ag teastáil uaidh na bleibiní. Tá cúpla ceann acu fásta cheanna féin agus tá muid fós ag fanacht leis na cinn eile.


Ealaín Rang a hAon