Saturday, 20 of April of 2024

Tag » stair

Cuairt na Sean Tuistí (Grandparents Visit) Ranganna 3,4,5

Tháinig roinnt Mamó agus Daideo ar cuairt inniu chun labhairt le ranganna 3,4 agus 5 faoin sean aois. Bhí sé fíor spéisiúil éisteacht leo ag caint faoin saol nuair a bhí siad óg.

Some grandparents visited ranganna 3,4 & 5 to talk about old times. It was really interesting to hear them talk about life when they were young.

 


Na hÉigiptigh le Rang a 6


Na Ceiltigh

Bhí muid ag foghlaim faoi na Ceiltigh freisin. D’fhoghlaim muid faoin gcinéal saoil a bhí acu- a gcuid uirlisí troda, a gcuid éadaí & seodra, a gcuid tithe, Ogham agus na féilte a bhíodh acu.  Bhí deis againn ar fad cúpla rud a scríobh in Ogham. Ansin rinne muid Ealaín bunaithe ar na Ceiltigh.


An Titanic

An Titanic

Bhí muid ag foghlaim faoin Titanic an tseachtain seo. Tá sé 100 bliain ó shin ó chuaigh an Titanic san uisce.  Tógadh an Titanic i mBéal Feirste, chuaigh sí san uisce don chéad uair ar an 31 Bealtaine 1911. Sheol sí as Southampton ar an 10 Aibreán 1912 agus ansin stop sí i gCorcaigh le haghaidh tuilleadh paisinéirí a phiocadh suas. Bád mór millteach a bhí inti agus cheap daoine nach dtarlóidh aon rud di agus go raibh sí an-sábháilte. Bhí an Titanic an-ghalánta, bhí linn snámha uirthi fiú! Edward John Smith an t-ainm a bhí ar an gCaptaein.

Nuair a bhí an Titanic ar a bealach go Meiriceá tharla timpiste. I lár na hoíche bhuail sí isteach in aghaidh cnoc oighir agus thosaigh an bád ag dul síos. Ní raibh dóthain báid tarrthála acu le haghaidh na paisinéirí ar fad a bhí ar bord agus fuair go leor daoine bás.

 An raibh a fhois agat???

–      Bhí an Titanic 269 méadair ar fhad, beagnach chomh fada leis an Eiffel Tower sa bhFrainc.

–      Bhí 2,228 duine ar an Titanic.

–      ‘Nearer My God to Thee’ an t-amhrán deireadh a chas an banna ceoil ar an Titanic.

–      Chosain sé 7,000,000 dollar an Titanic a dhéanamh.

–      Nuair a d’fhág an Titanic Southampton bhí  40,000 ubh ar bord, 36,000 úll, 36,000 oráiste agus 1,000 builín aráin ar bord uirthi.


Scríbhneoireacht thar ama

Scríobhneoireacht thar ama