Thursday, 25 of April of 2024

Tag » Tír Eolaíocht

Teidí ag taisteal

Bhí Teidí ag taisteal

Chuaigh sé abhaile le gach paiste i rang naíonaín shóisir agus shinsir.

Chuaigh sé go teach  Aoibhín.Chonaic sé a seomra codlata.
Chuaigh sé go teach Ella Ní Dh ar an mbus.
Chuaigh se go teach Roseanne, bhí sé ag féachaint ar an teilifís.
Chuaigh sé abhaile le Breandán agus bhuail sé le Mamó .
Chuaigh sé go teach Alannah agus bhí sé ag rith agus thit sé ina chodladh.

Chuaigh sé le Robert agus bhí sé ag féachaint ar an teilifís.
Chuaigh sé ag snámh le John agus thit sé san uisce.
Ar aghaidh leis go teach Fiachra,ní raibh an lá go deas agus d’fhéach siad ar”Toy story”
Thóg Ella Ní Ch é go dtí an pictúrlinn.
Chuaigh sé abhaile le Anachie agus bhuail Teidí le Tony an hamstar agus bhí sé ag imirt leis an traein.
Chuaigh sé go Cnoc na Cille le Fionn, bhí sé ag súgradh leis an madra “Brí”.
Ar aghaidh leis le Aifric ansin agus bhuail sé le Sadbh, thóg sí é go dtí an bialann ach ní raibh aon ocras air.
Chuaigh sé le Aileen ansin agus bhí sé ag súgradh agus ag ithe.
Thóg Grace abhaile ansin é agus bhí sé ag ithe pizza agus ag snámh.
Bhí Teidí ag siopadoireacht le Fiona, níor cheannaigh sé aon rud agus bhuail sé le Mamaí agus Daidí.
Bhí Teidí ag súgradh leis an Nintendo le Shea agus ag snámh leis freisin.
Chuaigh Teidí go McDonalds le Amelia sa charr, bhí sé sásta.

Bhí Teidí ar an “Wii” le Órla agus bhuail sé le Aoife, Grainne agus Jean.
Ar aghaidh leis go teach Lisa ansin agus bhuail sé leis na teidithe eile atá ag Lisa . Bhí sé ag suí ar an tolg leo.
Chuaigh sé abhaile le Tara Úna, bhí tart air agus bhí sé ag ól agus bhí ocras air freisin bhí sé ag ithe.
Amach leis go Baile Easa Dara le Lucas agus d’ith sé sicín.
Chuaigh sé abhaile le Adam chuaigh sé go dtí an páirc le Adam bhí siad ag súgradh le chéile.
Amach leis go teach Luca, bhí sé ag súgradh ansin.
Chuaigh sé go teach Ronan ansin agus thóg Ronan é amach go “Shells” agus d’ith sé uachtar reoite.
Chuaigh Lucy agus Teidí go dtí an siopa . Cheannaigh siad seacláid.
Bhí teidí agus Ciara ag súgradh agus ag gáire le chéile.
Chuaigh sé go dtí an siopa le Áíne agus bhí siad ag súgradh le chéile.

Chuaigh sé abhaile le Stefan, bhí siad ag ithe cáca milis, bhí an cáca go hálainn.
Bhí teidí í mBaile an Mhóta le Rónan agus chuaigh siad ar chuairt go teach Aintín Ronán.

Chuaigh Teidí abhaile le Sarah agus bhí an-spórt acu le chéile
Bhí Teidí ag súgradh ar an “trampoline” le Alanna.
Bhí Teidí i mBaile an Tóchair le Ben. Bhí sé ag súgradh leis na Teidithe eile.
Chuaigh Teidí go teach Tara. D’ith sé uachtar reoite leí agus bhí sé ag súgradh.
Chuaigh sé abhaile le Dominic sa charr.Bhí sé ar rothar Dominic.Chuaigh sé isteach i leaba Dominic agus thit sé ina chodladh.
Chuaigh sé abhaile le Hannah agus bhí sceallóga agus ispíní aige. Bhuail sé le Mamó freisin.
Bhí Teidí ag féachaint ar an teilifís le Jonathon. Bhí ocras air freisin.
Chuaigh sé abhaile le Erin, bhuail sé le Aoibhín agus bhí sé ag súgradh.

Ar aghaidh leis go teach Oliver ansin.Bhí teidí ag súgradh leis an liathróid agus ag déanamh puzail.
Bhí Aimee ag súgradh agus ag rith le Teidí.Chuaigh siad go dtí an pháirc le chéile.Bhí Allan leo freisin.
Bhí Naoise agus Teidí ag súgradh ar an luascán. Thug Naoise píosa cáca dó. Bhí Teidí an-sásta.

Chuaigh Teidí abhaile le Stephanie . Chonaic sé an cat agus an madra.Bhí sé ag súgradh leo.
Ar aghaidh leis ansin go Bothar na Mara le Matthew. Bhí sé ar an tarracóir.

Bhí Teidí agus Éabha ag léim ar an “trampoline”.Bhí teidí ag rith sa ghairdín freisin.

Thóg Rachel Teidí abhaile agus chuaigh sé ag snámh leí.D’ith sé an dinnéar leis an gclann.

Bhí Holly agus Teidí ar an luascán le chéile bhí an-spórt acu.

Chuaigh Teidí abhaile le Eamonn agus bhí an beirt acu thuas sa chrann le chéile. Bhí siad ar an rothar freisin.

Chuaigh Teidí abhaile le Aine ar an mbus.Bhí sé ag súgradh leí agus thug Áine deoch seacht suas dhó.

Bhí Teidí agus Callium ag súgradh cluiche agus bhuaigh Teidí.Callium bocht!!

Chuaigh Orna agus Teidí abhaile ar an mbus. Rinne Teidí agus Orna an obair bhaile le chéile ansin chuaigh siad amach ag súgradh.

Bhí an-tuirse ar Teidí ansin ach bhí an -spórt aige agus é ag taisteal.

Go raibh míle maith agaibh a pháistí”  arsa Teidí  :) :) :) :) :) :) :) :) :) :)