Wednesday, 24 of April of 2024

Tag » Turas scoile

Turas Scoile Rang a hAon

Chuaigh muid go ‘Lough Key Forest Park’ Déardaoin seo caite. Bhí an-lá againn, bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí an-spóirt againn.

Chuaigh muid ag siúlóid sa choill agus chuaigh muid ar ‘Adventure Walk’. Chonaic muid go leor cinéalacha éagsúla crainnte agus bláthanna. Chonaic muid nead sciatháin leathair ach ní fhaca muid aon sciatháin leathair mar bhí siad ina gcodladh. Ansin chonaic muid an caisleán mór i lar na locha. Tar-éis am lóin bhí muid ag súgradh sa ionad súgartha. Ansin chuaigh muid isteach go ‘Boda Borg’, bhí sé sin ar fheabhas, bhí muid roinnte suas i bhfoirne agus bhí trialacha le déanamh againn. Ansin chuaigh muid ar ais go dtí an ionad súgartha arís agus ansin chuaigh muid abhaile. Bhí chuile dhuine an-tuirseach tar-éis an lá iontach a bhí againn.


Turas na Naíonáin

Chuamar go dtí an” Mulvey Centre” agus go Doorly Park. Bhí an-spóirt againn.