Sunday, 12 of May of 2024

Lá Domhanda na Leabhar

Déardaoin seo caite bhí ‘Lá Domhanda na Leabhar’ againn. Bhí deis ag gach duine gléasadh suas mar charactair as leabhair éagsúla agus bhí an-spraoi againn Bhí go leor caractair éagsúla ar scoil an lá sin agus bhreathnaigh chuile dhuine an-deas. Bhí muid ag déanamh go leor léitheoireachta sa rang an lá sin freisin agus fuair chuile dhuine dearbhán le haghaigh leabhar dá gcuid féin a cheannach.