Friday, 3 of May of 2024

An Titanic

An Titanic

Bhí muid ag foghlaim faoin Titanic an tseachtain seo. Tá sé 100 bliain ó shin ó chuaigh an Titanic san uisce.  Tógadh an Titanic i mBéal Feirste, chuaigh sí san uisce don chéad uair ar an 31 Bealtaine 1911. Sheol sí as Southampton ar an 10 Aibreán 1912 agus ansin stop sí i gCorcaigh le haghaidh tuilleadh paisinéirí a phiocadh suas. Bád mór millteach a bhí inti agus cheap daoine nach dtarlóidh aon rud di agus go raibh sí an-sábháilte. Bhí an Titanic an-ghalánta, bhí linn snámha uirthi fiú! Edward John Smith an t-ainm a bhí ar an gCaptaein.

Nuair a bhí an Titanic ar a bealach go Meiriceá tharla timpiste. I lár na hoíche bhuail sí isteach in aghaidh cnoc oighir agus thosaigh an bád ag dul síos. Ní raibh dóthain báid tarrthála acu le haghaidh na paisinéirí ar fad a bhí ar bord agus fuair go leor daoine bás.

 An raibh a fhois agat???

–      Bhí an Titanic 269 méadair ar fhad, beagnach chomh fada leis an Eiffel Tower sa bhFrainc.

–      Bhí 2,228 duine ar an Titanic.

–      ‘Nearer My God to Thee’ an t-amhrán deireadh a chas an banna ceoil ar an Titanic.

–      Chosain sé 7,000,000 dollar an Titanic a dhéanamh.

–      Nuair a d’fhág an Titanic Southampton bhí  40,000 ubh ar bord, 36,000 úll, 36,000 oráiste agus 1,000 builín aráin ar bord uirthi.